1 Tháinig Hiziciá i gcoróin agus é cúig bliana fichead agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibíá iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair.
2 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.
3 Sa chéad bhliain dá réimeas, sa chéad mhí, d'oscail sé doirse Theampall an Tiarna agus dheisigh iad.
4 Thug sé isteach na sagairt agus na Léivítigh agus thionóil iad sa chearnóg thoir.
5 Dúirt sé leo: “Éistigí liom, a Léivíteacha! Déanaigí sibh féin a naomhú anois agus coisrigí Teampall an Tiarna, Dia ár sinsear, agus caithigí an salachar amach as an áit bheannaithe.
6 Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.
7 Rinne siad fiú amháin doirse an phóirse a dhúnadh, na lóchrainn a mhúchadh, gan túis a dhó ná íobairtí dóite a ofráil san áit atá coisricthe do Dhia Iosrael.