10 Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.
11 A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”
12 Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách;
13 de chlann Eilízeáfán: Simrí agus Ieúéil; de chlann Ásáf: Zacairiá agus Matainiá;
14 de chlann Héamán: Iachúéil agus Simeí; de chlann Iadútún: Seamaiá agus Uizíéil.
15 Chruinníodar a mbráithre agus naomhaíodar iad féin, agus ghabhadar isteach de réir threoracha an rí faoi mar a d'ordaigh an Tiarna, chun Teampall an Tiarna a ghlanadh.
16 Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon.