26 Nuair a bhí na Léivítigh ina n‑ionad, le huirlisí Dháiví agus na sagairt lena stoic,
27 d'ordaigh Hiziciá an íobairt uileloiscthe a ofráil ar an altóir. Nuair a thosaigh an íobairt uileloiscthe, cuireadh ceann ar iomann don Tiarna freisin; séideadh na stoic, agus uirlisí Dháiví rí Iosrael ag comhcheol leo.
28 Rinne an comhthionól go léir adhradh, agus na cantairí ag canadh, agus na stoic á séideadh, agus mhair sin nó go raibh an íobairt uileloiscthe thart.
29 Nuair a bhí an íobairt thart, chrom an rí agus gach duine a bhí ina theannta síos agus thug siad ómós.
30 D'ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós.
31 Labhair Hiziciá arís agus dúirt: “Rinne sibh sibh féin a choisreacan don Tiarna; tagaigí i leith. Tugaigí íobairtí comaoineach agus molta go Teampall an Tiarna.” Thug an comhthionól íobairtí comaoineach agus molta, agus thug lucht chroí mhóir íobairtí dóite.
32 Ba é líon na n‑íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir.