33 Rinneadh sé chéad tarbh agus trí mhíle caora a choisreacan.
34 Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt.
35 Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n‑íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin.
36 Rinne Hiziciá agus an pobal go léir lúcháir de bharr a raibh déanta ag Dia don phobal, á spreagadh chun gnímh chomh gasta sin.