8 Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn.
9 Sin é an fáth, féach!, ar thit ár sinsir le faobhar claímh, agus ar fuadaíodh ár gclann mhac agus iníonacha chun deoraíochta.
10 Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.
11 A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”
12 Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách;
13 de chlann Eilízeáfán: Simrí agus Ieúéil; de chlann Ásáf: Zacairiá agus Matainiá;
14 de chlann Héamán: Iachúéil agus Simeí; de chlann Iadútún: Seamaiá agus Uizíéil.