1 Thosaigh Solamh ansin ar theach an Tiarna a thógáil in Iarúsailéim ar Shliabh Mhóiriá mar a raibh fís ag Dáiví a athair. Sin é an áit a bhí ceaptha ag Dáiví, urlár buailte Ornán an Iabúsach.
2 Thosaigh sé ag tógáil an dara mí den cheathrú bliain dá réimeas.
3 Seo iad na tomhais a bhí ag Solamh do thógáil theach Dé: trí fichid banlámh ar fad - banlámh den seanchaighdeán - agus fiche banlámh ar leithead.
4 Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre.
5 Rinne sé an halla mór a líneáil le cufróg agus a chumhdach le hór fíre agus a mhaisiú le pailmeacha agus le slabhraí.
6 Mhaisigh sé an halla le clocha luachmhara an-áille. Ór Parváím an t‑ór.