9 Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór.
10 Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór.
11 Leath sciatháin na gceiribíní fiche banlámh, cúig bhanlámh i bhfad gach sciatháin díobh, agus aon sciathán amháin de gach ceann díobh ag baint le balla an halla, agus an sciathán eile ag baint le sciathán an cheiribín eile.
12 Cúig bhanlámh i bhfad aon sciathán amháin cheiribín agus é ag baint le balla na halla; an dara sciathán cúig bhanlámh ar fhad agus é ag baint le sciathán an cheiribín eile.
13 Fiche banlámh a shín sciatháin na gceiribíní. Sheas siad ar a gcosa agus a n‑aghaidh ar halla an Teampaill.
14 Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.
15 Os comhair an halla, rinne sé dhá cholún tríocha cúig banlamh ar airde agus ar bharr gach cinn díobh mullach de chuig bhanlámh.