1 Chuir Hiziciá scéala go Iosrael agus go Iúdá go léir, agus scríobh sé litreacha go Eafráim agus Manaise, á iarraidh orthu teacht go Teampall an Tiarna in Iarúsailéim le Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael.
2 Bhí sé beartaithe ag an rí agus ag a thaoisigh agus ag an gcomhthionól go léir in Iarúsailéim an Cháisc a cheiliúradh sa dara mí,
3 mar nárbh fhéidir í a cheiliúradh an tráth ceart mar nár naomhaigh go leor sagart iad féin agus nár chruinnigh an pobal in Iarúsailéim.
4 D'aontaigh an rí agus an comhthionól go léir leis an socrú sin.
5 Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos.