13 Tháinig slua mór le chéile in Iarúsailéim le féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh sa dara mí.
14 Chuir comhthionól mór chun oibre ag tógáil na n‑altóirí a bhí in Iarúsailéim agus na n‑altóirí dóite túise go léir agus á gcaitheamh isteach i nGleann Chidreon.
15 Mharaigh siad an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den dara mí. Cuireadh náire ar na sagairt agus ar na Léivítigh, agus naomhaigh siad iad féin agus bhí ar a gcumas íobairtí dóite a thabhairt isteach i dTeampall an Tiarna.
16 Chuaigh siad sna hionaid a bhí ceaptha dóibh de réir dlí Mhaois, giolla Dé. Dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó lámha na Léivíteach,
17 mar bhí a lán sa chomhthionól nár naomhaigh iad féin. Cuireadh mar chúram ar na Léivítigh an t‑uan Cásca a mharú do gach duine nach raibh glan go leor chun an t‑íobartach a choisreacan don Tiarna.
18 Mar a tharla, níor naomhaigh formhór na ndaoine iad féin, a lán ó Eafráim, ó Mhanaise, ó Íosácár agus ó Zabúlun. D'ith siad an Cháisc gan na rialacha a bhí leagtha síos a chomhlíonadh. Ach rinne Hiziciá idirghuí ar a son, á rá: “Go maithe an Tiarna, le barr maitheasa, a choir d'aon duine
19 a dhíríonn a chroí ar Dhia, an Tiarna, Dia a shinsear, a thóraíocht, fág go bhfuil an naofacht a éilítear don sanctóir in easnamh air.”