24 Óir thug Hiziciá rí Iúdá míle tarbh agus seacht míle caora mar íobairtí don chomhthionól, agus thug na feidhmeannaigh míle tarbh agus deich míle caora don chomhthionól. Agus naomhaigh na sagairt iad féin ina sluaite.
25 Rinne tionól uile Iúdá lúcháir, idir shagairt agus Léivítigh, agus an tóstal go léir a tháinig ó Iosrael, na teifigh ó Iosrael agus iad siúd a raibh cónaí orthu i Iúdá.
26 Bhí ardáthas ar dhaoine in Iarúsailéim mar ó aimsir Sholaimh, mac Dháiví rí Iosrael, ní raibh a leithéid in Iarúsailéim.
27 D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.