4 D'aontaigh an rí agus an comhthionól go léir leis an socrú sin.
5 Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos.
6 D'imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: “A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d'fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d'éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.
7 Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n‑aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh.
8 Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.
9 Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.”
10 Ghabh na teachtairí ó chathair go cathair, trí thír Eafráim agus Mhanaise agus ar aghaidh go Zabúlun; ach bhíothas ag magadh agus ag déanamh fonóide fúthu,