9 Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.”
10 Ghabh na teachtairí ó chathair go cathair, trí thír Eafráim agus Mhanaise agus ar aghaidh go Zabúlun; ach bhíothas ag magadh agus ag déanamh fonóide fúthu,
11 ach go raibh sé d'umhlaíocht i mbeagán ó Áiséar, ó Mhanaise agus ó Zabúlun, teacht go Iarúsailéim.
12 Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna.
13 Tháinig slua mór le chéile in Iarúsailéim le féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh sa dara mí.
14 Chuir comhthionól mór chun oibre ag tógáil na n‑altóirí a bhí in Iarúsailéim agus na n‑altóirí dóite túise go léir agus á gcaitheamh isteach i nGleann Chidreon.
15 Mharaigh siad an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den dara mí. Cuireadh náire ar na sagairt agus ar na Léivítigh, agus naomhaigh siad iad féin agus bhí ar a gcumas íobairtí dóite a thabhairt isteach i dTeampall an Tiarna.