2 Croinicí 31:10-16 ABN

10 D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”

11 Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh.

12 Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit.

13 Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé.

14 Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.

15 Bhí Éidin, Miniáimin, Iéisiúa, Seamaiá, Amairiá agus Seacaniá ag cabhrú leis go dílis i gcathracha na sagart, lena gcuid a roinnt ar a mbráithre de réir a n‑ord, cé acu tabhachtach nó a mhalairt.

16 Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n‑ord a chur i ngíomh.