2 D'athbhunaigh Hiziciá oird na sagart agus na Léivíteach, gach duine ina ord ceart de réir a dhualgas, sagairt agus Léivítigh, maidir le híobairtí dóite, le híobairtí comaoineach, le seirbhís liotúirgeach, le moladh agus le buíochas, laistigh de gheataí champa an Tiarna.
3 Chuir an rí cuid dá mhaoin féin i leataobh do na híobairtí dóite: d'íobairtí doíte na maídíne agus an tráthnóna, d'íobairtí dóite na sabóide, na ré nua agus na bhféilte sollúnta, mar atá scríofa i ndlí an Tiarna.
4 Agus d'ordaigh sé don mhuintir a bhí ina gcónaí in Iarúsailéim an chuid a bhí dlite dóibh a thabhairt do na sagairt agus do na Léivítigh, d'fhonn go ndéanfaidís iad féin a thíolacadh do dhlí an Tiarna.
5 A luaithe a fógraíodh an t‑ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial.
6 Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd.
7 Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí.
8 Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.