7 Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí.
8 Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.
9 Agus cheistigh Hiziciá na sagairt agus na Léivítigh faoi na cairn.
10 D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”
11 Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh.
12 Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit.
13 Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé.