3 bheartaigh sé féin agus a thaoisigh agus a churaidh na foinsí uisce a bhí lasmuigh den chathair a stopadh; chabhraigh oifigigh an airm leis,
4 agus bhailigh a lán daoine le chéile agus stopadar na foinsí go léir, agus an sileán a bhí ag gabháil tríd an talamh á rá: “Cén fáth a bhfaigheadh ríthe na hAsaíre flúirse uisce nuair a thiocfaidh siad?”
5 Chrom Hiziciá ar a shuíomh a dhaingniú; dheisigh sé na bearnaí sa bhalla, thóg sé túir air, agus thóg sé balla nua lasmuigh de. Dhaingnigh sé an Mileo i gcathair Dháiví. Rinne sé raidhse airm agus sciatha.
6 Cheap sé ceannasaithe i bhfeighil an phobail, agus bhailigh sé le chéile iad sa chearnóg ag geata na cathrach agus labhair leo mar leanas á misniú:
7 “Bíodh neart agus misneach agaibh! Ná cuireadh rí na hAsaíre agus an mathshlua atá in éineacht leis eagla ná uafás oraibh, óir is treise an té atá inár dteannta ná an té atá ina theanntasan.
8 Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.
9 Ina dhiaidh seo nuair a bhí Sanaichéiríb rí na hAsaíre ag cur léigir ar Láicís lena shluaite go léir, chuir sé a shearbhóntaí go Iarúsailéim, go Hiziciá rí Iúdá agus go dtí na Iúdaigh go léir a bhí in Iarúsailéim, le teachtaireacht: