30 Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.
31 Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.
32 An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.
33 Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air.