8 Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.
9 Ina dhiaidh seo nuair a bhí Sanaichéiríb rí na hAsaíre ag cur léigir ar Láicís lena shluaite go léir, chuir sé a shearbhóntaí go Iarúsailéim, go Hiziciá rí Iúdá agus go dtí na Iúdaigh go léir a bhí in Iarúsailéim, le teachtaireacht:
10 “Mar seo a deir Sanaichéiríb rí na hAsaíre: ‘Cad as a bhfuil sé de mhuinín agaibh fanacht in Iarúsailéim agus é faoi léigear?
11 Nach bhfuil Hiziciá do bhur gcur amú? Nach bhfuil sé do bhur ndaoradh chun báis de ghorta agus de thart nuair a deir sé: “Déanfaidh an Tiarna ár nDia sinn a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre”?
12 Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: “Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin”?
13 Nach bhfuil a fhios agaibh cad tá déanta agamsa agus ag mo shinsir le muintir na dtíortha eile go léir? An raibh sé ar chumas déithe aon chine sna tíortha sin a gcríocha a shaoradh uaimse?
14 Cén dia de na déithe sin go léir leis na ciníocha a chuir m'athair faoin mbang, a d'fhéad a phobal a shaoradh ó mo ghreim, á rá is go bhféadfadh bhur nDia sibhse a fhuascailt ó mo ghreim?