13 Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.
14 Thóg sé balla seachtrach ansin do chathair Dháiví sa ghleann laistiar de Ghíohón, ar aghaidh go dtí Geata an Éisc; ghabh sé timpeall an Oifil, agus chuir sé go mór lena airde. Cheap sé freisin ceannairí airm i ngach cathair dhaingean de chuid Iúdá.
15 Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad.
16 D'atóg sé altóir an Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus d'ordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael.
17 Lean na daoine orthu ag íobairt ar na hardionaid, ámh, ach don Tiarna a nDia amháin.
18 An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael.
19 A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].