18 An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael.
19 A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].
20 Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus d'adhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit.
21 Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i gcoróin in Iarúsailéim.
22 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. D'ofráil sé íobairtí agus ómós do na híola go léir a rinne Manaise a athair.
23 Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a d'umhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá].
24 Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach.