7 An íomhá ghreanta d'íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.
8 Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir, na reachtanna agus na bhforálacha, a thug mé trí Mhaois.”
9 Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.
10 Labhair an Tiarna le Manaise agus lena phobal, ach níor thug siad aird air.
11 Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.
12 Nuair a bhí sé i gcruachás d'impigh sé ar an Tiarna a Dhia a bheith cineálta leis agus d'umhlaigh sé é féin i láthair Dhia a shinsear.
13 Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.