11 Thug siad é do na saoir adhmaid agus chloiche le cloch ghearrtha a cheannach, agus adhmad do chúplaí agus do chearchaillí na bhfoirgneamh ar lig ríthe Iúdá dóibh titim ar lár.
12 Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach;
13 a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.
14 Nuair a bhí an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t‑ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois.
15 Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,” agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán.
16 Thug Seáfán an leabhar go dtí an rí agus seo mar d'aithris sé dó: “Tá na beartais go léir a leag tú ar do shearbhóntaí á gcur i gcrích acu.
17 Rinne siad an t‑airgead go léir a bhí i dTeampall an Tiarna a leá agus a thabhairt suas do na maoir agus do shaoistí na n‑oibreacha.”