17 Rinne siad an t‑airgead go léir a bhí i dTeampall an Tiarna a leá agus a thabhairt suas do na maoir agus do shaoistí na n‑oibreacha.”
18 Ansin dúirt Seáfán an rúnaí leis an rí: “Thug Hilcíá an sagart leabhar dom,” agus léigh Seáfán sliocht as i láthair an rí.
19 Nuair a chuala an rí briathra an dlí, stróic sé a chuid éadaigh,
20 agus ansin thug sé an t‑ordú seo leanas do Hilcíá, d'Aichíceám mac Sheáfán, d'Abdón mac Mhíocá, do Sheáfán an rúnaí, agus d'Asáiá, searbhónta an rí:
21 “Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.”
22 Chuaigh Hilcíá agus teachtairí an rí go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealum mac Thócat mac Hasrá, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim sa bhaile nua), agus cuir siad an scéal faoina bráid.
23 D'fhreagair sí: “Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: ‘Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh: