2 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.
3 San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim.
4 Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh.
5 Loisc sé cnámha a sagart ar na haltóirí agus ar an gcuma sin ghlan sé Iúdá agus Iarúsailéim.
6 Rinne sé amhlaidh chomh maith i gcathracha Mhanaise, Eafráim agus Shimeon, agus fiú i Naftáilí, agus sna dúichí bánaithe máguaird.
7 Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.
8 San ochtú bliain déag dá réimeas, d'fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh.