2 Croinicí 34:24-30 ABN

24 Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, na mallachtaí go léir, is é sin, atá scríofa sa leabhar a léadh i láthair rí Iúdá;

25 mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhuchadh.

26 Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala tú.

27 De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.

28 Déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shíocháin chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo agus ar a bhfuil ina gcónaí ann.’ ”Thug siad an freagra sin leo go dtí an rí.

29 Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir.

30 Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus Léivítigh agus an pobal go léir idir uasal agus íseal. Léigh sé amach i gcomhchlos dóibh, gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.