16 Eagraíodh seirbhís liotúirgeach an Tiarna an lá sin leis an gCáisc a cheiliúradh agus le híobairtí dóite a ofráil ar altóir an Tiarna, de réir ordú an rí Ióisíá.
17 Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá.
18 Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus d'Iosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim.
19 Rinneadh an Cháisc sin a cheiliúradh san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá.
20 Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air,
21 chuir seisean teachtairí chuige á rá: “Cén t‑aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d'ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.”
22 Ach [lean] Ióisíá air ag tabhairt a dhúshláin faoi; bhí sé meáite ar chath a chur air agus ní éisteodh sé le briathra Neaco ó bheal Dé féin.