2 Croinicí 35:8-14 ABN

8 Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil.

9 Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh.

10 Socraíodh ord na seirbhíse, leis na sagairt ina n‑áit féin agus na Léivítigh ina n‑oird de réir mar a d'ordaigh an rí.

11 Mharaíodar an Cháisc, agus dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó na Léivítigh, agus rinne na Léivítigh na híobartaigh a fheannadh.

12 Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt d'fhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n‑ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh.

13 Rinne siad an Cháisc a róstadh leis an tine de réir mar a bhí leagtha síos; agus bhruith siad an bia naofa i gcoirí, i bpotaí, i gcorcáin, agus d'iompair iad ar an toirt chun na dtuataí go léir.

14 Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón.