1 Dúirt Solamh ansin:“Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.
2 Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit,áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.”
3 Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.
4 Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m'athair, nuair a dúirt sé:
5 ‘Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as tír na hÉigipte, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m'ainm ann, ná níor roghnaigh mé aon fhear le bheith ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael;
6 ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m'ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’