21 Éist le hachainíocha do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuíonn siad san áit seo. Sea, éist leo ó d'áras ar neamh, agus nuair a éistfidh tú tabhair maithiúnas!
22 “Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
23 éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.
24 Má bheireann an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d'aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d'ainm a mholadh, agus idirghuí a dhéanamh chugat, sa teach seo,
25 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dóibh féin agus dá sinsir.
26 “Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d'aghaidh, má dhéanann siad guí san áit seo, agus d'ainm a mholadh, agus go n‑umhlaíonn tú iad agus go ndéanann siad aithrí mar gheall ar a bpeacaí,
27 tabhair cluas dóibh ó na flaithis, agus maith a bpeaca do do shearbhóntaí agus do do phobal Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.