2 Croinicí 6:27-33 ABN

27 tabhair cluas dóibh ó na flaithis, agus maith a bpeaca do do shearbhóntaí agus do do phobal Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

28 “Má bhíonn gorta sa tír, nó plá, nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaist, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail léigear ar gheata cathrach dá gcuid; má bhíonn fiabhras nó galar;

29 má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine - nó ar do phobal Iosrael go léir - agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

30 tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh; tabhair maithiúnas agus cúitigh le cách de réir a iompair go léir, mar is eol duit gach croí - óir, is duit amháin is eol croí gach duine -

31 ionas go mbeidh urraim acu duit agus go siúlfaidh siad ar do chosáin fad mhairfidh siad sa tír a thug tú dár sinsir.

32 “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach - má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo,

33 tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.