32 “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach - má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo,
33 tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.
34 “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm agus guí chugat,
35 tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí agus seas leo.
36 “Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort leo agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfaí chun siúil iad mar dhaoir go tír i gcéin nó i gcóngar;
37 má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’
38 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a ndeoraíochta, mar ar tugadh ar díbirt iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n‑aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm,