38 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a ndeoraíochta, mar ar tugadh ar díbirt iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n‑aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm,
39 tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo: maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne.
40 “Bíodh do shúile ar leathadh, a Dhia liom, agus tabhair cluas i gcónaí don urnaí a ofrálfar suas ón áit seo.
41 Agus anois:“Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis,tusa agus áirc do chumhachta.Tá an slánú um do shagairt mar éide,agus cuireann d'fhéile lúcháir ar d'fhíréin.
42 A Thiarna, a Dhia, ná hiompaigh ó ghnúis d'ungthaigh;cuimhnigh ar do chineáltas buan le Dáiví do shearbhónta.”