6 ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m'ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’
7 Ba é mian croí m'athar Dáiví teach a thógáil d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
8 Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin;
9 ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’
10 Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m'athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam don Tiarna, Dia Iosrael,
11 agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna le clann Iosrael.”
12 Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha uaidh amach.