1 Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.
2 Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.
3 Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”
4 Ansin d'ofráil an rí agus an pobal go léir íobairt i láthair an Tiarna.