1 Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.
2 Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.
3 Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”
4 Ansin d'ofráil an rí agus an pobal go léir íobairt i láthair an Tiarna.
5 D'ofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin.
6 Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.
7 Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.