14 má dhéanann an pobal ar a nglaoitear m'ainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír.
15 Beidh mo shúile ar oscailt agus mo chluasa ar tinneall don urnaí a dhéantar san áit seo anois agus feasta.
16 Anois agus feasta tá an teach seo tofa agus coisricthe agam le go mbeadh m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.
17 Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,
18 daingneoidh mé do ríchathaoir, de réir an chonartha a rinne mé le Dáiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí i ríchathaoir Iosrael.’
19 Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m'aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,
20 ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir.