4 D'atóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát.
5 D'atóg sé Béit Horon Uachtarach agus Béit Horon Íochtarach, cathracha daingne le ballaí, geataí, agus sparraí,
6 agus Bálat, agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach ní arbh áil le Solamh a thógáil i Iarúsailéim, sa Liobáin agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.
7 Gach ar mhair de na Hitigh, na hAmóraigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh Iosraelaigh iad;
8 a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, - chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.
9 Ach níor chuir Solamh aon duine de chlann Iosrael faoi dhaoirse saothair; ba iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannairí carbad, agus mar mharcshlua.
10 Sin iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun shaothar Sholaimh: dhá chéad go leith a bhí i gceannas na ndaoine.