1 Nuair a leath clú Sholaimh amach fad le banríon Sheabá tháinig sí ag triall air go Iarúsailéim chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí ollsaibhreas léi, camaill faoi ualach spíosraí, na múrtha óir agus líoga lómhara. Ar theacht go Solamh di, labhair sí leis go neamhbhalbh,
2 agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu róchasta le míniú ag Solamh.
3 Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige,
4 bia an bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail, agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompartha na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna baineadh stangadh aisti,