10 Ar an tslí chéanna, na searbhóntaí úd Húrám agus Sholaimh a bhí ag tabhairt óir ó Óifír, thug siad leo adhmad algum agus líoga lómhara.
11 Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá.
12 Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin d'imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.
13 Sé chéad agus a seasca sé tallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
14 seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh d'ór agus d'airgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre.
15 Rinne Solamh rí dhá chéad sciath d'ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath.
16 Agus rinne sé trí chéad sciath beag d'ór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.