12 Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin d'imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.
13 Sé chéad agus a seasca sé tallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
14 seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh d'ór agus d'airgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre.
15 Rinne Solamh rí dhá chéad sciath d'ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath.
16 Agus rinne sé trí chéad sciath beag d'ór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.
17 Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.
18 Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach agus bhí uan óir ar a cúl, agus taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon ina seasamh le taobh na dtacaí,