14 seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh d'ór agus d'airgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre.
15 Rinne Solamh rí dhá chéad sciath d'ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath.
16 Agus rinne sé trí chéad sciath beag d'ór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.
17 Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.
18 Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach agus bhí uan óir ar a cúl, agus taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon ina seasamh le taobh na dtacaí,
19 agus dhá leon déag ina seasamh ansiúd, leon ag dhá cheann gach céime de na sé ceimeanna. Ní dhearnadh a leithéid de ríchathaoir riamh in aon ríocht eile.
20 Ba d'ór soithí óil Sholaimh go léir, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead, mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.