20 Ba d'ór soithí óil Sholaimh go léir, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead, mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.
21 Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin.
22 Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.
23 Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí,
24 agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana.
25 Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.
26 Bhí sé i gceannas ar na ríthe go léir ón Eofrataes go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte.