Eabhraigh 1 ABN

Uaisleacht an Mhic

1 Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe;

2 ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.

3 Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda

4 agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t‑ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n‑ainm siúd.

5 Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m'Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”?

6 Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”

7 Deir sé i dtaobh na n‑aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.”

8 Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic ná: “Beidh do ríchathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-sé;

9 thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin d'ungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,”

10 agus: “Is tú a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; saothar do lámh is ea na spéartha;

11 rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca;

12 fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ortsa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.”

13 Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo láimh dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”?

14 Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13