Eabhraigh 3 ABN

Is Uaisle É ná Maois

1 Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.

2 Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé.

3 Ach meastar gur mó is díol gradaim é Íosa ná Maois an oiread céanna agus is mó is díol gradaim é tógálaí an tí ná an teach féin;

4 níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní.

5 Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí;

6 bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).

Conas a Áitreabh Suaimhnis a Bhaint Amach

7 Dá bhrí sin, mar a deir an Spiorad Naomh: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu,

8 ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála san fhásach

9 mar ar chuir bhur n‑aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain.

10 Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: ‘Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.’

11 Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.’ ”

12 Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.

13 Gach lá, fad a bhíonn “an lá inniu” seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca.

14 Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.

15 Ós rud é go ndeirtear: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,”

16 caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d'fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?

17 Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin san fhásach?

18 Agus cérbh iad na daoine ar thug sé mionn dóibh nach rachaidís isteach ina áitreabh suaimhnis choíche ach na daoine a bhí easumhal dó. 19 Feicimid, mar sin, gur de dheasca a [n‑easumhlaíochta] nárbh fhéidir leo dul isteach ann.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13