Eabhraigh 9 ABN

An Dá Shanctóir

1 Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna.

2 Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.

3 Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air.

4 Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.

5 Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t‑am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin.

6 Nuair a bhíonn na nithe sin socair mar sin bíonn na sagairt ag dul isteach sa chéad bhoth i gcónaí agus iad i mbun a gcúraimí liotúirgeacha.

7 Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.

8 Sa tslí sin cuireann an Spiorad Naomh in iúl dúinn nár taispeánadh an bealach isteach chun na hÁite Rónaofa fós toisc an chéad bhoth a bheith ina seasamh go fóill.

9 Samhail is ea é sin atá ag tagairt don am atá ann anois. Ciallaíonn sé go bhfuil tabhartais agus íobairtí á n‑ofráil nach bhfuil de chumhacht acu coinsias an adhraitheora a ghlanadh ó pheaca go hiomlán.

10 Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.

Íobairt Íonghlanta Chríost

11 Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.

12 Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.

13 Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad.

14 Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

15 Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.

16 Nuair a bhíonn uacht i gceist, áfach, caithfear a chruthú go bhfuil an duine a rinne é marbh.

17 Óir fad is beo dó bíonn an uacht gan éifeacht; ní thagann sí i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann sé bás.

18 Sin é an fáth nach ndearnadh fiú amháin an chéad chonradh gan doirteadh fola.

19 Is amhlaidh a d'fhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna (agus na ngabhar) agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip,

20 á rá: “Is í seo fuil an chonartha ar ordaigh Dia daoibh é a choimeád.”

21 Mar an gcéanna chroith sé an fhuil ar an mboth agus ar na gréithe uile a d'úsáidtí sa liotúirge.

22 Go deimhin, de réir an dlí is beag nach le fuil a ghlantar gach ní agus ní mhaitear peacaí gan doirteadh fola.

Tógann Íobairt Chríost an Peaca chun Siúil

23 Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhla na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den sort seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh.

24 Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.

25 Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t‑ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin.

26 Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.

27 Caithfidh gach duine bás a fháil an t‑aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air.

28 Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13