Eabhraigh 12 ABN

Smacht an Tiarna

1 Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.

2 Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.

3 Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.

4 Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós.

5 Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.

6 Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.”

7 Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air?

8 Mura gcuirtear oraibhse an smacht sin is dual a chur ar gach mac, ní clann mhac dlisteanach sibh ach bastaird.

9 Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?

10 Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimis páirteach ina naofacht féin.

11 Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd.

12 Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga

13 agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.

Foláireamh

14 Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;

15 féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.

16 Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasau, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin.

17 Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d'ainneoin gur iarr sé le deora í.

18 Ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling,

19 blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo

20 mar nach bhféadfaidís cur suas leis an ordú a tugadh dóibh: “Má bhaineann ainmhí féin leis an sliabh clochfar é.”

21 Bhí an radharc chomh scanrúil sin go ndúirt Maois: “Táim ar aon bharr amháin creatha le neart eagla.”

22 Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,

23 agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,

24 agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

25 Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.

26 An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: “Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní amháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.”

27 Taispeánann an abairt “uair amháin eile” go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite.

28 Ach tá ríocht dhochroite á fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t‑adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach.

29 Óir tine loiscneach is ea ár nDia.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13