1 Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.
2 Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.
3 Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.
4 Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón.
5 Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.”
6 Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”
7 Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
8 Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d'fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d'fhulaing sé.
9 Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó
10 agus d'fhógair Dia gurb ardsagart é ar nós Mheilcizidic.
11 Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta.
12 Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.
13 Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc [domhain] i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán.
14 Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.