Eabhraigh 2 ABN

Críost an Slánaitheoir

1 Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.

2 Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi,

3 conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.

4 Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.

5 Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air.

6 Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, á rá: “Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de?

7 Ar feadh tamaillín rinne tú ní b'uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air

8 agus chuir tú an uile ní faoina smacht.” Mar sin de, nuair a “chuir sé an uile ní faoina smacht,” níor fhág sé aon ní ann nach raibh faoina smacht. I láthair na huaire seo ní fheicfimid go fóill “go bhfuil gach ní curtha faoina smacht.”

9 Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.

10 Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.

11 Óir is d'aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu,

12 á rá: “Inseoidh mé d'ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,”

13 agus arís: “Is air a bheidh mo sheasamh,” agus arís eile: “Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.”

14 Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,

15 agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt.

16 Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám.

17 Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.

18 Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13