1 Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.
2 Dá mb'fhéidir leis, nach n‑éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t‑aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu.
3 Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.
4 Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.
5 Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;ach d'ullmhaigh tú corp dom.