18 Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.
19 Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son.
20 Is amhlaidh a d'oscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin.
21 Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois.
22 Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.
23 Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh.
24 Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.